Skip to main content
April 25, 2023

GIG DO RÓNÁN

Where
Main Room
When
Apr 25, 2023 @ 8:00pm
Share

GIG DO RÓNÁN


le

COLM MAC CON IOMAIRE, KiLA x 4, SILE DENVIR, EOCHAN Ó CEANNABHÁIN, THE BONNY MEN, JIGGY, THE MARY WALLOPERS AGUS NEART AÍONNA EILE…


Whelan’s Main Venue • Tue 25th Apr 2023




Is pearsa aitheanta agus a bhfuil meas mór air é Rónán Mac Aodha Bhuí, Dj a bhfuil go leor bainte amach aige ó thaobh duaiseanna de, croaltóir iomráiteach agus gníomhaí ar son na Gaeilge agus an chultúir.

Tá a shaol caite aige ag cur chun cinn gach gné de chultúr na nGael .

Is laoch é imeasc glúnta de chainteoirí Gaeilge agus lucht leannta an cheoil, is fáthach é a d’athraigh meon na ndaoine agus na néisteoirí i dtaca le ceol i nGaeilge.

Le blianta fada, mar chraoltóir ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, bhí sé ag lúbadh na rialacha agus ag déanamh a chuid féin de na aerthonnta lena chur chuige nua-aoiseach, rud a mheall lucht éisteachta iomlán úr chuig an stáisiúin.

Luath sna 90í bhunaigh sé an An Ciorcal Craiceáilte agus An Cabaret Craiceáilte, féilte Gaeilge trí lá le ceol agus craic, agus mar aidhm acu spás úr bríomhar a chruthú do cheol i nGaeilge, a bheadh in ann a dhul in iomaíocht le féilte ceoil eil. Chuir sé beocht agus brí úr i saol na Gaeilge.

Tá glúnta de cheoltóirí a fuair a gcéad deis nó a gcéad gig mar gheall ar thacaíocht agus ar ghríosadh Rónáin. Tá a bhfuil déanta aige do shaol an cheoil agus na Gaeilge, agus a bhfuil bainte amach aige do-mheasta agus is léir ón ghra, deá-mhéin agus tacaíocht atá faighte aige fud fad na cruinne, go bhfuil gra mór faighte aige uaidh aon duine a raibh sé d’adh orthu castáil leis.




 

TICÉID


€32.50 available online from Whelan’s

– 50c per ticket service charge applies.

Strictly over 18′s, I.D. may be required.
Where
Main Room
When
Apr 25, 2023 @ 8:00pm
Share